You Are Here: HomeAbout Us → Customer Service

Customer Service

Customer Service Action Plan 2009 - 2012

The Citizens Information Board (formerly Comhairle) has been committed to a policy of quality customer service since Comhairle was established in 2000. In line with the Government's policy of improving customer services in public service organisations, the Board has prepared a Customer Service Charter which sets out our commitment to how we wish to serve our customers. To underpin the Charter this Customer Action Plan has also been developed.

This Action Plan sets out a specific focus on developments to be achieved over the next three years. The Plan identifies our main customer groups and how we will apply and implement the principles of Customer Service. Customer feedback and complaints arrangements are also set out. In preparing this Plan, a number of sample customers have been consulted.

Customer Service Action Plan 2009 - 2012 (Word) word document icon

Customer Service Charter

The Citizens Information Board provides independent information, advice and advocacy on public and social services through citizensinformation.ie, the Citizens Information Phone Service (1890 777 121) and the network of Citizens Information Services. We are responsible for the Money Advice and Budgeting Service and provide advocacy services for people with disabilities. We put the citizen at the centre of everything we do and this Charter sets out the principles that underpin our services.

We are committed to...

1. Clear, comprehensive and accurate information

We will provide clear and detailed information about public and social services to help you identify your needs and access your entitlements.

2. Prompt, courteous and efficient responses

We will be responsive to your needs and we will deliver our services sensitively and efficiently.

3. Equality and diversity

We will respect diversity and ensure your right to equal treatment.

4. Choice

We will plan and deliver our services so you can access them in the way that suits you best.

5. Access

We will ensure that all our services and offices are fully accessible. Contact our Access officer, Helen LaHert at the address below or accessofficer@ciboard.ie.

6. Official languages

We will provide our services through Irish and/or bilingually where required.

7. Consultation and evaluation

We will consult with you to establish your needs when developing, delivering and evaluating our services.

8. Internal customers

We will support our staff to ensure that they provide an excellent service to one another and to you.

9. Co-ordination

We will work closely with other organisations to deliver citizen-focused public services.

10. Appeals

We will maintain an accessible and transparent appeal and review system where appropriate.

11. Comments and complaints

We want to provide the best service possible to you and welcome all comments on our services. Contact our Customer Services Officer, Shona Bannon at the address below or commentsandcomplaints@ciboard.ie

Seirbhís do Chustaiméirí

Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2009 - 2012

Tá an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (ar a dtugtaí Comhairle) tiomanta do bheartas chun seirbhísí ardcháilíochta a sholáthar do chustaiméirí ó bunaíodh Comhairle in 2000. Is é beartas an Rialtais feabhas a chur ar sheirbhísí do chustaiméirí in eagraíochtaí na seirbhíse poiblí agus chuige sin d'ullmhaigh an Bord an Chairt um Sheirbhís do Chustaiméirí a leagann amach ár dtiomantas faoin mbealach ar mian linn freastal ar ár gcustaiméirí. Lena chois sin forbraíodh Plean Gníomhaíochta Custaiméirí a bheidh mar bhonn taca ag an gCairt.

Leagann an Plean Gníomhaíochta béim faoi leith ar fhorbairtí atá le baint amach sna chéad trí bliana atá amach romhainn. Aithníonn an Plean cad iad ár bpríomhghrúpaí custaiméirí agus an chaoi a gcuirfimid na prionsabail maidir le Seirbhís do Chustaiméirí i bhfeidhm. Tá socruithe maidir le haiseolas agus gearáin ó chustaiméirí leagtha síos ann freisin. Chuamar i gcomhairle le roinnt custaiméirí samplacha nuair a bhí an Plean seo á ullmhú.

Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2009 - 2012 (Word) word document icon

An Chairt um Sheirbhís do Chustaiméirí

Cuireann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh faisnéis, comhairle agus abhcóideacht neamhspleách ar fáil faoi sheirbhísí sóisialta agus poiblí trí citizensinformation.ie, tríd an tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh (1890 777 121) agus tríd an líonra Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Táimid freagrach as an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid agus cuirimid seirbhísí tacaíochta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Cuirimid an saoránach i gcroílár gach a ndéanaimid agus leagann an Chairt seo amach na prionsabail atá mar bhunsraith ag ár seirbhísí.

Táimid tiomanta dóibh seo a leanas...

1. Faisnéis shoiléir, chuimsitheach, chruinn a chur ar fáil

Cuirfimid faisnéis shoiléir, mhionsonraithe ar fáil faoi sheirbhísí sóisialta agus poiblí le cabhrú leat do riachtanais a aithint agus do theidlíochtaí a rochtain.

2. Freagraí tapa, béasacha agus éifeachtacha

Beimid freagrúil do do riachtanais agus cuirfimid ár seirbhísí ar fáil go híogair agus go héifeachtach.

3. Comhionannas agus éagsúlacht

Beidh meas againn ar éagsúlacht agus cinnteoimid go mbeidh sé de cheart agat caitheamh go cothrom leat.

4. Rogha

Déanfaimid ár seirbhísí a leagan amach agus a chur ar fáil chun go bhféadfaidh tú iad a rochtain ar an mbealach is fearr a oireann duit.

5. Rochtain

Déanfaimid deimhin de go mbeidh ár seirbhísí agus ár n-oifigí lán-inrochtana. Téigh i dteagmháil lenár n-oifigeach Rochtana, Helen LaHert ag an seoladh thíos nó chuig accessofficer@ciboard.ie.

6. Teangacha Oifigiúla

Cuirfimid ár seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge agus/nó sa dá theanga nuair a éilítear é sin.

7. Comhairliúchán agus measúnú

Rachaimid i gcomhairle leat chun do riachtanais a fháil amach nuair a bheidh ár seirbhísí á bhforbairt, á soláthar, agus á measúnú againn.

8. Custaiméirí Inmheánacha

Tabharfaimid tacaíocht dár bhfoireann le cinntiú go gcuirfidh siad seirbhís den scoth ar fáil dá chéile agus duitse.

9. Comhordú

Oibreoimid i ndlúthpháirtíocht le heagraíochtaí chun seirbhísí poiblí atá dírithe ar an saoránach a chur ar fáil.

10. Achomhairc

Beidh córas achomhairc agus athbhreithnithe againn nuair is cuí sin a bheidh inrochtana agus trédhearcach.

11. Nótaí tráchta agus gearáin

Is mian linn an tseirbhís is fearr ar bith a sholáthar duit agus cuirimid fáilte roimh nótaí tráchta faoinár seirbhísí. Téigh i dteagmháil lenár nOifigeach Seirbhísí do Chustaiméirí, Shona Bannon ag an seoladh thíos nó chuig commentsandcomplaints@ciboard.ie

Accessibility Statement | Privacy Statement | Help | onegov.ie
Access Officer: Helen Lahert | Complaints procedure

Please read the Re-use of Public Sector Information notice and the disclaimer
If you have experienced any problem with this site you should contact the webmaster