The organisation was established as a statutory body under the Comhairle Act 2000. This Act was amended by the Citizens Information Act 2007 (pdf), which changed the name of the organisation to the Citizens Information Board. The Act also sets out the development of the Personal Advocacy Service for people with a disability and how the Board decides the terms and conditions under which information, advice and advocacy services are provided by Citizens Information Services and other voluntary bodies. In 2008 the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act 2008 extended the existing acts to give the Citizens Information Board responsibility for the Money Advice and Budgeting Service.
Bunaíodh an eagraíocht mar chomhlacht reachtúil faoin Acht um Chomhairle 2000. Rinne an tAcht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007 (pdf), leasú ar an Acht seo agus d'athraigh sé ainm na heagraíochta go dtí an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Leagann an tAcht síos freisin conas atá an tSeirbhís Abhcóideachta Phearsanta do dhaoine faoi mhíchumas le forbairt agus conas a dhéanfaidh an Bord cinneadh faoi na téarmaí agus na coinníollacha ina gcuirfidh na Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus eagraíochtaí deonacha eile faisnéis, comhairle agus seirbhísí abhcóideachta ar fáil. Chuir an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008 le forálacha na n-achtanna a bhí ann cheana chun go mbeadh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh freagrach as an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid.
