You Are Here: HomeAbout Us → Freedom Of Information

Freedom of Information

The Citizens Information Board, as Comhairle, became subject to the requirements of the Freedom of Information Act 1997 from 1 October 2001. The Freedom of Information (FOI) Acts 1997 and 2003 impose various duties on public bodies which are subject to it, and give certain rights to individuals to access the records of the public body concerned.

The Citizens Information Board's primary activity is the provision and dissemination of information about public services. Information about its functions, activities and decision-making processes is publicly and routinely available. Under the terms of the FOI Acts, the Board is required to make information about itself available in the manner required by the legislation.

The third edition of the Reference Manual prepared in accordance with the terms of Section 15 and 16 of the Freedom of Information Acts 1997 and 2003 was compiled in January 2010. It outlines the Citizens Information Board's obligations under the Acts and how it fulfils those obligations. It describes the functions and activities of the Citizens Information Board and the records held.

The Manual is in two parts:

  • The Section 15 Manual provides a general description of the Citizens Information Board, its functions and services, classes of records held by the organisation and a general description of the rules, and guidelines used in decision making
  • The Section 16 Manual, provides detailed information on the rules, procedures, practices, guidelines and interpretations used by the Citizens Information Board for the purposes of decisions, determinations or recommendations in relation to the small number of schemes which it administers and information about the way these schemes are administered.

Freedom of Information Manual (pdf) pdf document icon
Freedom of Information Manual (Word) word document icon

Freedom of Information - Organisational Chart

Saoráil Faisnéise

“Comhairle” an t-ainm a thugtaí ar an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh nuair a bunaíodh é agus bhí sé faoi réir cheanglais an Achta um Shaoráil Faisnéise 1997 ón 1 Deireadh Fómhair 2001.  Leagann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 dualgais éagsúla ar na comhlachtaí poiblí lena mbaineann siad, agus tugann siad cearta áirithe do dhaoine aonair taifid an chomhlachta poiblí atá i gceist a rochtain. 

Is é príomhghnó an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh ná faisnéis faoi sheirbhísí poiblí a sholáthar agus a scaipeadh i measc an phobail.  Bíonn faisnéis faoi fheidhmeanna, faoi ghníomhaíochtaí agus faoi phróisis chinnteoireachta an Bhoird ar fáil go poiblí sa ghnáthchúrsa.  Tá sé de cheanglas ar an mBord faoi réir théarmaí na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise faisnéis a chur ar fáil mar gheall air féin agus é sin a dhéanamh ar an mbealach a éilíonn an reachtaíocht.  

Tiomsaíodh agus ullmhaíodh an tríú heagrán den Lámhleabhar Tagartha faoi réir théarmaí Alt 15 agus 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 in Eanáir 2010.  Tugann sé cuntas ar dhualgais an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh faoi na hAchtanna sin agus conas a chomhlíonann sé na dualgais sin. Déanann sé cur síos ar fheidhmeanna agus ar ghníomhaíochtaí an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus ar na taifid atá aige.

Tá dhá chuid sa Lámhleabhar:

  • Tá cur síos i gCuid 15 ar fheidhmeanna agus ar sheirbhísí an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus ar na cineálacha taifead atá ag an eagraíocht mar aon le cur síos ginearálta ar na rialacha agus ar na treoirlínte a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh.
  • Tá faisnéis mhionsonraithe i gCuid 16 den Lámhleabhar faoi na rialacha, na nósanna imeachta, na cleachtais, na treoirlínte agus na léirmhínithe a úsáideann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun cinntí a dhéanamh, agus chun cinntí nó moltaí a dhéanamh faoin líon beag scéimeanna atá á riaradh aige mar aon le faisnéis faoin mbealach a ndéantar na scéimeanna sin a riaradh.

Lámhleabhar um Shaoráil Faisnéise (pdf) pdf document icon
Lámhleabhar um Shaoráil Faisnéise (Word) word document icon

Saoráil Faisnéise - Cairt Eagrúcháin

Accessibility Statement | Privacy Statement | Help | onegov.ie
Access Officer: Helen Lahert | Complaints procedure

Please read the Re-use of Public Sector Information notice and the disclaimer
If you have experienced any problem with this site you should contact the webmaster